Tá Gramadach gan Stró! le hÉamonn Ó Dónaill dírithe ar dhaoine a bhfuil caighdeán réasúnta maith bainte amach acu sa Ghaeilge labhartha cheana féin ach ar mian leo feabhas a chur ar a gcuid gramadaí. Tá sé oiriúnach dóibh siúd nach dtuigeann leabhair ghramadaí de ghnáth agus a gcuireann rialacha casta mearbhall orthu.
Tá daichead leathanach breise san eagrán nua agus dírítear ann ar ghnéithe den ghramadach nach raibh le fáil sa chéad cheann - an aidiacht sa tuiseal ginideach, cuir i gcás, agus deirí na n-ainmfhocal sna díochlaontaí éagsúla.
Ní fhéachtar sa leabhar seo le cur síos cuimsitheach a thabhairt ar ghramadach na Gaeilge; tá na gnéithe is lárnaí den ghramadach sin roghnaithe ag an údar agus tá iarracht déanta iad a chur i láthair i mbeagán focal. Ní bhaintear úsáid as téarmaíocht chasta ach tugtar neart samplaí chun patrúin éagsúla a léiriú.
Tá béim láidir ar úsáid laethúil na Gaeilge agus eolas tugtha mar gheall ar na difríochtaí idir an rud a scríobhtar agus na leaganacha a bhíonn le cloisteáil sa chaint. Tá ceachtanna le fáil i ngach aonad agus freagraí na gceachtanna sin tugtha ag deireadh an leabhair, rud a chabhróidh leis an úsáideoir agus é ag iarraidh greim a fháil ar na rialacha éagsúla.
Tá ceachtanna breise le fáil san eagrán nua seo de Gramadach gan Stró! agus dírítear ar roinnt gnéithe den ghramadach (an aidiacht sa tuiseal ginideach, cuir i gcás) nach raibh aon eolas tugtha orthu sa chéad eagrán.
Tá cúrsa cruinnis ar líne, bunaithe ar an leabhar, ar fáil ag www.ranganna.com.