Angela's Ashes Irish Language Edition
Beidh an saol Fódhlach faoi ollchomaoin go deo ag "Limerick Writers' Centre" toisc gur iarradar ar Phádraic Breathnach an leabhar úd Angela Ashes a aistriú go Gaelige. Is saothar litríoctha Béarla é seo a bhuaigh an Duais Pulitzer don údar Frank Mac Cuarta de bharr a chur síos iontach tuairisciúil ar ainnise a chlainne de bhrí mheisce a n-athar agus iad ag fás suas i gcathair Luimnigh i lár na haoise seo caite.
Ba dheacair duine a shamhlú a bheadh níos cáilithe ná Pádraic Breathnach don tasc ollmhór aistriúcháin seo. Is léachtóir agus údar aitheanta é le daichead bliain anuas go bhfuil taisce leathan saibhir d'áilneacht na Gaelige ó dhúchas. Éiríonn thar bharr leis bunteanga chosmhuintir Luimnigh a léiriú go dílis mara labhair Frank Mac Cuarta agus a chlann í sa saothar róluachmhar soléite seo. Is éacht eile an leabhar seo aige a bheidh ina fhoinse shaibhir thaighde do scoláirí Gaeilige na nglún atá romhainn. Proinnsias de Priondargást
Tugtar MIM (Miserable Irish Memoir) ar an séanra seo anois ach maíonn an t-aistritheoir, Pádraic Breathnach, nach ceart féachaint mar sin in aon chor air. In ainneoin na hainnise go léir a léirítear i saothar Mhic Cuarta agus in ainneoin na síorbháisti ó mhaidin go hoíche ann - go sábhála Dia sinn - deir sé 'go sníomhann móitíf láidir dhóchais tríd an leabhar' agus tá an ceart aige sa mhéid sin. Más clasaiceach idirnáisúnta á an bunleabhar is cinnte gur clasaiceach Gaelige anois é. Gabriel Rosestock
Fáiltím roimh an aistriúchan seo ar mhórshaothar Frank McCourt. Aistriúchán dílis soléite é seo a thabharfaidh pléisiúr do chách. Tréaslaim le Pádraic Breathnach as an éacht atá déanta aige. Gabriel Fitzmaurice