Contact Clock Question Basket Search User Store Facebook Mail Instagram Twitter

An Chaora Ghlas agus Scealta eile as Seanadh Farrachain

by Ailbhe Nic Giolla Chomhaill

Is ceantar tuaithe iargúlta é Seanadh Farracháin agus, dála Ghaeltachtaí eile na tíre, bhí an scéalaíocht agus an traidisiún béil i gcoitinne láidir ann leis na cianta. Trí anailís a dhéanamh ar dhornán beag de na seanscéalta a bailíodh sa cheantar seo, faightear léargas ar mhúnla scéalaíochta an tseanscéil, múnla atá in úsáid le fada an lá, ní hamháin i dtraidisiún scéalaíochta na tíre seo, ach go hidirnáisiúnta chomh maith. "Tá de bhua faoi leith ag An Chaora Ghlas agus scéalta eile as Seanadh Farracháin go dtugann sé cuntas soiléir simplí neamhchas ar Scéim na Scol, ar a cúlra, ar a cur i bhfeidhm, agus conas a tras-scríobhadh an t-ábhar ó pheann na ndaltaí go leabhar mór an mhúinteora ina bhfuil an taifead oifigiúil anois. Fairis sin, tá cur síos ar éagsúlacht na scéalaithe agus ar an gcineál ábhar a bailíodh, agus arb iad na ‘seanscéalta’ is mó is cás leis an leabhar seo." — Alan Titley

ISBN: 9781911363422

€ 15.00 

In Stock.

This product is only available for collection at our NUIG campus bookshop.
Home delivery of this product is not currently available.

  
Cover of An Chaora Ghlas agus Scealta eile as Seanadh Farrachain - Ailbhe Nic Giolla Chomhaill - 9781911363422Paperback

An Chaora Ghlas agus Scealta eile as Seanadh Farrachain also appears in these Categories:

Gaeilge