Ba sa bhliain 1977 a d'fhoilsigh Gabriel Rosenstock An tOchtapas, maisithe ag Gerrit van Gelderen agus tá scata leabhar véarsaí don aos óg foilsithe ó shin aige, ina measc Púcaí Scmúcaí (Futa fata), Mamaí Gé (Éabhlóid) agus Bláth Draíochta (Cross-Cultural Communications, Nua-Eabhrac). Tá cáil ar a chuid aistriúchán chomh maith, mar shampla Am Garbhán (An Gúm) agus ar a chuid haiku, Iontas na nlontas cuir i gcás (FÁS).
Is file, úrscéaltaí, gearrscéalaí, fear haiku agus tanka freisin é Gabriel. Is ball d'Aosdána é. Bronnadh Gradam Leabhair Pháistí Éireann air sa bhliain 2023 agus bronnadh Sparánacht ón gComhairle Ealaíon air sa bhliain 2024.
Creideann sé gur gá scríobh d'aoisghrúpaí éagsúla agus is do léitheoirí 9-13+ é Eachtraí Uncail Toby, a shríolraíonn ón úrscéal Tristram Shandy le Laurence Sterne.
ISBN: 9781906982881
€ 12.00
In Stock.
Usually despatched in 2-5 working days.
Date of Publication: 03/03/2025