Contact Clock Question Basket Search User Store Facebook Mail Instagram Twitter

Gaeilge Gan Stró - Lower Intermediate Level: A Multimedia Irish Language Course

by Éamonn Ó Dónaill


Is cúrsa teanga ilmheán é Gaeilge gan Stró!- Lower Intermediate Level d’fhoghlaimeoirí fásta. Tá sé oiriúnach do dhaoine a bhfuil staidéar déanta acu ar an nGaeilge ag am éigin ina saol agus a thuigeann méid aírithe den teanga. Tá sé mar aidhm ag an gcúrsa seo muinín a thabhairt do dhaoine, scileanna teanga a mhúineadh dóibh a chuirfidh ar a gcumas cumarsáid a dhéanamh trí mheán na Gaeilge i gcomhthéacsanna laethúla agus cabhrú leo cainteoirí Gaeilge ó áiteanna éagsúla sa tír a thuiscint. Tá an bhéim ar fhorbairt scileanna labhartha agus éisteachta ach tugtar deiseanna don fhoghlaimeoir an teanga a scríobh agus a léamh freisin. Múintear an ghramadach i gcomhthéacs, de réir mar a bhíonn sí ag teastáil.

Is éard atá sa chúrsa seo ná leabhar agus dhá dhlúthdhiosca. Tá leagan ar líne den chúrsa ar fáil ar shuíomh ríomhfhoghlama Ghaelchultúir, www.ranganna.com. Is féidir an leabhar agus na dlúthdhioscaí a úsáid neamhspleách ar an gcúrsa ar líne.

Tá sé mar aidhm ag Gaeilge gan Stró! - Lower Intermediate Level cabhrú leo siúd a thabharfaidh faoin gcúrsa:

  • cur go mór lena líofacht sa Ghaeilge;
  • Gaeilge níos cruinne a labhairt;
  • cur go mór lena stór focal;
  • cainteoirí as canúintí éagsúla a thuiscint;
  • cur lena scileanna léitheoireachta agus scríbhneoireachta;
  • tuiscint a fháil ar ghnéithe éagsúla den ghramadach.
Is féidir an leabhar a úsáid leis féin nó leis an dá dhlúthdhiosca. Tá na comhráite sa leabhar le cloisteáil ar na dlúthdhioscaí.

ISBN: 9780956361417

€ 39.95 

In Stock.

Usually despatched in 2-5 working days.

Date of Publication: 17/09/2010

  
Cover of Gaeilge Gan Stró - Lower Intermediate Level: A Multimedia Irish Language Course - Éamonn Ó Dónaill - 9780956361417Mixed Media

Gaeilge Gan Stró - Lower Intermediate Level: A Multimedia Irish Language Course also appears in these Categories:

Languages