Contact Clock Question Basket Search User Store Facebook Mail Instagram Twitter

Quickguide Irish Grammar

by Éamonn Ó Dónaill


Is áis atá an-éasca a úsáid é QuickGuide - Irish Grammar ina ndírítear ar na príomhghnéithe de ghramadach na Gaeilge. Cuireann an dearadh nuálach agus an scéim dathanna ar chumas an úsáideora eolas a aimsiú go tapa, agus beidh na míniúcháin shoiléire sholéite ina gcabhair mhór acu siúd a úsáideann an Ghaeilge go rialta agus ag lucht foghlama na teanga araon.

Tá na míniúcháin ghramadaí as Béarla agus cuirtear aistriúchán ar fáil de na samplaí Gaeilge ar fad, rud a fhágann gur féidir le foghlaimeoirí ag gach leibhéal cumais an áis seo a úsáid. Tá an bhéim ar an teanga laethúil agus ar fhocail agus ar fhrásaí lárnacha is féidir a úsáid sa Ghaeilge scríofa agus labhartha. Tá QuickGuide - Irish Grammar oiriúnach do scoláirí meánscoile agus tríú leibhéal, do mhúinteoirí agus d’fhoghlaimeoirí fásta na Gaeilge.

Tá cúrsa idirghníomhach atá bunaithe ar QuickGuide - Irish Grammar ar fáil ag www.ranganna.com.

ISBN: 9780956361424

€ 9.95 

In Stock.

Usually despatched in 2-5 working days.

Date of Publication: 31/01/2011

  
Cover of Quickguide Irish Grammar - Éamonn Ó Dónaill - 9780956361424Paperback

Quickguide Irish Grammar also appears in these Categories:

Languages