Contact Clock Question Basket Search User Store Facebook Mail Instagram Twitter

Scáil An Scéil

by Mícheál Ó Siochrú

€ 7.50 

ISBN: 6660012190195


Nuair a bhain fear óg as Gleannta Aontroma dárbh ainm Séamus Ó Duilearga an seanchaí Seán Ó Conaill i gCill Rialaigh amach i 1923 b'é ba bhun lena chuairt ná snas a chur ar a chuid Gaolainne. Ach ba bheag a shamlódh ceachtar díobh an lá san an toradh tromchúisech a bheadh ar a mbualadh le chéile. Idir san agus 1931 ba mhó oíche a chaith fear óg faoi fhuanacht thigín an tseanchaí úd ar bhruach na faille ag breacadh scéalta uaidg, is gan faic chun na hoibre aige ach amháin peann agus pár.

B'é críoch agus deireadh na mbeart é gur foilsíodh Leabhar Sheáin Uí Chonaill: ceann des na bailiúcháin béaloideasa ba théagartha riamh. Turas tríd an éacht liteartha seo a thug ar Ó Siochrú Scáil an Scéil a scríobh: cnuasach 65 dhán ar fad agus gach cheann acu spreagtha ag scéal nó ag smut de scéal éigin ón leabhar. Tá na dánta go léir breac le tagairtí do shaibhreas an traidisiúin in Éirinn, agus fítear na tagairtí seo isteach sa bhfilíocht go snasta ar bhealach gan uaim.

Tá caighdeán na teanga fíor-ard agus is léir go bhfuil tuiscint nach beag ag an hfile ar nádúr na filíochta. Tá eilimintí de thraidisiún na hÉireann ina gcrutha uile sna dánta seo: an creideamh, an scéalaíocht, an phágántacht, an mhiotaseolaíocht agus an léann clasaiceach idirnáisiúnta: bainfidh lucht léinn na Gaelige sár-thaithneamh as a bhfuil curtha ar fáil ag an fhile ann.

Seo an ceathrú cnuasach filíochta ó Mhícheál Ó Siochrú; Gealach na gCoinlíní, An Spás Á Ghlanadh agus Rachlas na cinn eile. Foilsíodh úrscéalta chomh maith uaidh, Oidhre na Priaireachta agus An File.

Rugadh agus tógadh i mbaile an Sceilg, Uíbh Ráthach é i ngiorracht cúpla míle de thig Sheáin Uí Chonaill, ach thréig sé maidhm na bóchna blianta fada ó shin ar son mhonabhar na Sionainne i gCaisleán Ó gConnaing, Co. Liumneach. Tá duaiseanna éagsúla i gComórtais an Oireachtais gnóthaithe ag a chuid filíochta agus úrscéalta maraon le duais ó Choiste Sheachtain na Scríbhneoirí.

When a young man named Séamus Ó Duilearga from the glens of Antrim sought out the seanchaí Seán Ó Conaill in Cill Rialaigh in 1923, all he wanted from his visit was to put a polish on his Irish. But he couldn't imagine the lessons he would learn and the lifechanging result of their meeting. Between then and 1931, the young man would spend many a night under the seanchaí's roof or on the banks of the stream writing down his stories, with nothing to do his work but pen and paper. The end of his efforts became Leabhar Sheáin Uí Chonnaill: one of the most comprehensive collections of Irish oral storytelling ever written.



Ó Síochrú's Scáil An Scéil is a journey through this literary achievement: a collection of 65 poems, inspired by stories from the Leabhar. The poems are full of references to the richness of the Irish tradition, which enhance the poems neatly. The high quality of the language is evident and it's clear the poet has a great understanding of the nature of poetry. There are various elements of the Irish tradition on show: belief, storytelling, paganism, metalurgy, and the international classic influence. Irish enthusiasts will get great enjoyment from what the poet has in store.

Supplier Out of Stock.

Availability Uncertain

Date of Publication: 04/06/2019

Cover of Scáil An Scéil - Mícheál Ó Siochrú - 6660012190195Paperback

Scáil An Scéil also appears in these Categories:

Books As Gaeilge