Contact Clock Question Basket Search User Store Facebook Mail Instagram Twitter

Ta Gaeilge Agam 3 -PACK FREE EBOOK Higher Level Junior Certificate

by Ruaidhri O'Baille

Clúdaíonn Tá Gaeilge Agam! 3 gach gné de chúrsa Gaeilge na Sraithe Sóisearaí idir theanga agus litríocht. Seo mar a fhreagraíonn leagan amach an leabhair do na trí shnáithe.

Snáithe 1: Cumas Cumarsáide

Na Bunchlocha – Sna Bunchlocha, leagtar síos bunsraith na foghlama agus múintear an teanga atá riachtanach chun plé le hábhar agus le topaicí an aonaid.
An Taifead Pearsanta – Insíonn na daltaí ‘a scéal féin’ sa Taifead Pearsanta trí úsáid a bhaint as na Bunchlocha. Coinníonn siad an ‘taifead’ seo agus is féidir leo filleadh air arís agus arís eile agus iad i mbun tascanna ranga, tionscnamh agus cur i láthair.

Seo Linn! – Sa roinn seo, forbraíonn na daltaí a gcuid scileanna léitheoireachta, scríbhneoireachta agus labhartha ar bhealach cumarsáideach idirghníomhach.
Éistimis! – Sa roinn seo, cuireann na daltaí lena scileanna cluastuisceana, lena ngabhchumas teanga agus lena dtuiscint ar an teanga labhartha agus ar chanúintí na Gaeilge.
Snáithe 2: Feasacht Teanga agus Chultúrtha

Cúinne na Gramadaí – San aonad seo, déanann na daltaí iniúchadh ó thaobh na gramadaí ar na struchtúir nua atá foghlamtha acu. Tugtar an cleachtadh cuí dóibh chun na struchtúir a shealbhú.
Cúinne an Chultúir – Déantar nasc idir ábhar an aonaid agus gné de chultúr na Gaeilge sa roinn seo.
Cúinne na Filíochta – Cuirtear dán nó amhrán ón liosta ainmnithe faoi bhráid na ndaltaí sa roinn seo.
Snáithe 3: Féinfheasacht an Fhoghlaimeora

An Punann: Féinmheasúnú agus Logaí Foghlama – Scrúdóidh na daltaí a gcuid foghlama féin sa roinn seo. Déanfaidh siad machnamh faoi threoir ar an dul chun cinn atá déanta acu go dáta. Ar an mbealach seo beidh siad in ann a gcuid aidhmeanna pearsanta foghlama a leagan amach.
Súil Siar ar Obair na Chéad Bhliana – Sa réamhaonad seo caitear súil siar ar na topaicí bunúsacha a chlúdaítear sa bhunscoil agus sa chéad bhliain iarbhunscoile (Mé Féin, Mo Theaghlach, Mo Scoil, Mo Chuid Caitheamh Aimsire srl.). Topaicí iad seo atá riachtanach do na tascanna ranga agus do na tionscnaimh agus na cuir i láthair a dhéanfaidh na daltaí mar chuid den Mheasúnú Rangbhunaithe (MRB 1) agus den Tasc Cumarsáideach (MRB2) sa tríú bliain.

I have Irish covers ! 3 all aspects of the Junior Cycle Irish language course and literature. This is the corresponding version of the book for the three strands.
Strand 1: Communication Ability
Strand 2: Language and Cultural Awareness
Thread 3: Learner Self-esteem

ISBN: 9780714426730

€ 29.50 

In Stock.

Usually despatched in 2-5 working days.

Date of Publication: 01/01/2018

  
Cover of Ta Gaeilge Agam 3 -PACK FREE EBOOK  Higher Level Junior Certificate - Ruaidhri O'Baille - 9780714426730Paperback

Ta Gaeilge Agam 3 -PACK FREE EBOOK Higher Level Junior Certificate also appears in these Categories:

Irish

Irish