Contact Clock Question Basket Search User Store Facebook Mail Instagram Twitter

Ó Ishi go Hopi Boy

by Lillis O Laoire

Sa leabhar seo, le John Walsh agus Lillis Ó Laoire, tugtar spléachadh ar na hiarrachtaí atá á ndeánamh teangeacha bundúchasacha a athneartú in iardheisceart Stáit Aontaithe Mheiriceá: Arizona, Colorado, Utah, New Mexico agus California. Tá an-éagsúlacht teangacha i gceist, idir mhór agus mhion. Ach caithfear an feachtas athneartaithe a shuíomh i gcomhthéacs níos leithne: idé-eolaíocht teanga i bhfabhar an aonteangachais i mBéarla atá sa treis sna Stáit Aontaithe ar fad, agus atá thar a bheith láidir i gcuid de stáit an iardheiscirt. Cuireann an ghluaiseacht 'Official English' brú ar pholaiteoirí ó cheann ceann na tíre an dlí a athrú ionas nach dtabharfar stádas oifigiúil do theanga ar bith eila seachas an Béarla. I measc na n-argóintí a dhéanann siad tá gur tír aonteangach iad na Stáit Aontaithe anois agus gur mar sin a bhí riamh anall. 'Díchuimhne stairiúil' a thug údar amháin ar an argóint sin ach tá na bundúchasaigh ag troid ina coinne. Fianaise i nGaeilge a chur ar fáil ar imeachtaí na troda sin is aidhm don leabhar seo.

ISBN: 6660012100286

€ 9.00 

In Stock.

This product is only available for collection at our University of Galway campus bookshop.
Home delivery of this product is not currently available.

  
Cover of Ó Ishi go Hopi Boy - Lillis O Laoire - 6660012100286Paperback

Ó Ishi go Hopi Boy also appears in these Categories:

Gaeilge