€ 15.00
ISBN: 9781784443061
De bhunadh Chois Fharraige i ndeisceart Chonamara an t-údar agus chaith sé blianta ar na misiúin i Meiriceá Theas, sa tSile agus sa Bhrasaíl go háirithe, le hOrd Naomh Colmbán.
Agus é ag seasamh an fhóid don cheart, i measc pobail a bhí fíorbhocht agus céasta ag drugaí agus foréigean, ba mhinic é féin agus na húdaráis in árach a chéile
Seo scéal a bheatha, óna óige, a ghairm chun na sagartóireachta, agus an chaoi ar thograigh sé a ghairm mar shagart a fhágáil agus aghaidh a thabhairt ar an saol mar fhear pósta le clann.
In Stock.
Usually despatched in 2-5 working days.
Date of Publication: 01/02/2026
Paperback