Contact Clock Question Basket Search User Store Facebook Mail Instagram Twitter

Mol an Oige 3 Textbook & WorkBook Ardleibheal with FREE EBOOK

by Caitriona Ni Shulleabhain & Triona Gerag

Tá seacht gcéim i ngach aonad: Céim a 1: Litríocht agus Cultúr, Céim 2–6: Cumas Cumarsáide agus Céim a 7: Athbhreithniú agus Féinmheasúnú.
Léirítear na Torthaí Foghlama mar chuspóirí foghlama soiléire.
Tá liosta de na Torthaí Foghlama cuí i gcás na dtrí shnáithe ag tús gach céime.
Tá aonad ann do litríocht eile atá molta ag an NCCA, úrscéal, dráma agus gearrscéalta san áireamh.
Rannóg Chur i Láthair ina bhfuil ábhar, stór focal agus modhanna éagsúla chun réimse leathan topaicí a chur i láthair, rud a chuidíonn le scoláirí agus iad ag ullmhú do MRB 2.
Tá tagairtí rialta don Mheasúnú chun Foghlama (McF) sa leabhar.
Aibhsítear gníomhaíochtaí a d’fheilfeadh don Mheasúnú
Rangbhunaithe.
Is féidir le scoláirí féinmheasúnú a dhéanamh ag úsáid na dticbhoscaí sna rannóga ‘Féinfheasacht an Fhoghlaimeora: Féinmheasúnú’.
Pléitear gnéithe de chultúr na hÉireann agus saol na Gaeltachta ar bhealach cuimsitheach.
Cuirtear béim ar an litearthacht leis na heochairnathanna agus an réamhobair sa rannóg chluastuisceana.
Múintear an ghramadach i mbealach comhtháite, agus tá aonad gramadaí ar leith ann a thugann deiseanna breise staidéir don scoláire, agus a chinntíonn feasacht teanga.
Tá Ceist ilmhódach i ngach aonad.
Acmhainní SAOR IN AISCE do Scoláirí

Sa Punann agus Leabhar Gníomhaíochta tá:
- Gníomhaíochtaí ina gcruthaíonn an scoláire samplaí oibre
- Gníomhaíochtaí a thacaíonn leis na haonaid
- Traenáil sa dréachtú agus athdhréachtú
- Loga gramadaí
- Bileoga Féinmheasúnaithe/Machnaimh
- Dhá thriail chluastuisceana shéasúracha
Ar CD 1 na Scoláirí tá na míreanna fuaime do na rannóga ‘Cur i Láthair’, na dánta atá sa téacsleabhar agus na trialacha cluastuisceana ón Punann agus Leabhar Gníomhaíochta.
Ar CD 2 na Scoláirí tá an t-ábhar cluastuisceana ar fad
Acmhainní SAOR IN AISCE do Mhúinteoirí

Sa Leabhar Acmhainní do Mhúinteoirí tá:
- Léargas ginearálta ar an gCreat don tSraith Shóisearach
- Cur síos ar an tSonraíocht don Ghaeilge agus na Treoirlínte Measúnaithe
- Scéim Oibre don Dara agus Tríú Bliain
- Pleanáil agus tacaíocht do MRB 1 agus MRB 2
- Scripteanna iomlána CD agus físe
CDanna na Múinteoirí (na scrúduithe cluastuisceana ar fad agus athsheinm).
Tá acmhainní digiteacha breise ar fáil ar ár suíomh acmhainní, www.gillexplore.ie, san áireamh anseo tá sleamhnáin PowerPoint, físeanna MRB agus teimpléid phleanála ineagarthóireachta do mhúinteoirí.
eLeabhar Saor

eLeabhar saor in aisce a bhfuil físeanna agus naisc idirlín leabaithe ann – féach an clúdach laistigh. Gheobhaidh múinteoirí a úsáideann an leabhar rochtain ar leaganacha eLeabhair den Punann agus Leabhar Gníomhaíochta agus Leabhar Acmhainní do Mhúinteoirí saor in aisce.


Is féidir teacht ar eLeabhair Gill Education ar líne agus as líne.

432 pages.

ISBN: 9780717180370

€ 31.95  Save €1.80 (RRP €33.75)

In Stock.

Usually despatched in 2-5 working days.

Date of Publication: 28/08/2018

  
Cover of Mol an Oige 3 Textbook & WorkBook Ardleibheal with FREE EBOOK - Caitriona Ni Shulleabhain & Triona Gerag - 97807171803705% offSoft Cover

Mol an Oige 3 Textbook & WorkBook Ardleibheal with FREE EBOOK also appears in these Categories:

Irish

Irish