Contact Clock Question Basket Search User Store Facebook Mail Instagram Twitter

Oilean an Orchiste

by Robert Louis Stevenson

  

€ 7.99 

ISBN: 9781911363019

Tá an t-úrscéal Treasure Island le Robert Louis Stevenson áirithe ar cheann de na húrscéalta eachtraíochta is mó cáil riamh. Scéal scleondrach atmaisféarach é seo faoi fhoghlaithe mara ar an bhfarraige mhór, faoi mhapa órchiste, agus faoi Jim Hawkins, buachaill sna déaga a chuireann chun farraige agus é meallta ag draíocht an bhithiúnaigh Long John Silver.

Is mar scéal theacht in inmhe a aithnítear go coitianta é, agus tá cáil ar leith ar Oileán an Órchiste mar gheall ar an atmaisféar, na carachtair, agus ar an léiriú ann ar dhébhríochas na moráltachta - i bpearsa Long John Silver - rud neamhchoitianta i litríocht na n-óg.


Tá sé ar cheann de na húrscéala is mó riamh a bhfuil athchóiriú déanta air, agus chuaigh sé i bhfeidhm go mór ar thuiscintí an phobail ar fhoghlaithe mara, le híomhánna den léarscáil d'órchiste marcáilte le crosóga, den scúnar, den Spota Dubh, d'oileáin throipiceacha, agus den mhairnéalach ar leathchois agus pearóid ar a ngualainn aige.

San aistriúchán breá seo le Darach Ó Scolaí, tá an t-úrscéal seo a scríobhadh in 1883 curtha in oiriúint do léitheoirí an lae inniu, agus maisithe le pictiúir ó eagrán 1911 den leabhar le N.C. Wyeth.

184 pages.

2nd New Edition

In Stock.

Usually despatched in 2-5 working days.

Date of Publication: 31/10/2016

Cover of Oilean an Orchiste - Robert Louis Stevenson - 9781911363019Hardback

Oilean an Orchiste also appears in these Categories:

Books As Gaeilge