Contact Clock Question Basket Search User Store Facebook Mail Instagram Twitter

Taisceal - Transition Year

by Emma Ní Nualláin & Oisín Mac Cinnéide

Leabhar saothair don Ghaeilge san Idirbhliain is ea Taiscéal, ina bhfuil:

Seacht n-aonad bunaithe ar théamaí atá suimiúil do dhaltaí na hIdirbhliana (mar shampla: CV, laethanta saoire, taithí oibre agus imeachtaí scoile).
Béim ar an bhfoghlaim idirghníomhach chun meas agus grá don teanga a chothú sa rang, le meascán de chluichí, dúshláin, obair ghrúpa agus ceachtanna spraíúla i ngach aonad.
Deiseanna chun an teanga a labhairt go rialta chun muinín na ndaltaí a fhorbairt don scrúdú béil. Tá réamhrá do na sraitheanna pictiúr sa leabhar chomh maith.
Réimse filíochta agus amhrán le ceisteanna oiriúnacha agus deiseanna taighde.
Ceachtanna chun cur leis an stór focal agus siúl siar a dhéanamh ar an ngramadach.
Deiseanna le taighde idirlín a dhéanamh i ngach aonad agus úsáid a bhaint as acmhainní teicneolaíochta chun díriú ar an nGaeilge ar líne.
Ábhar oiriúnach do dhaltaí Ardleibhéil agus Gnáthleibhéil agus a oibreoidh i ranganna a bhfuil caighdeán measctha ann.
Spás scríbhneoireachta le gach ceacht. Feidhmeoidh Taiscéal mar phunann oibre ag deireadh na bliana.
Go leor ceachtanna traschuraclaim a bhfuil nasc acu le hábhair scoile eile.
Dúshlán ‘Comórtas na Gaeilge’ a spreagfaidh na daltaí chun an Ghaeilge a úsáid agus a chur chun cinn taobh amuigh den seomra ranga i rith na bliana.
Taiscéal agus Treoracha Oifigiúla
Tá go leor ábhair in Taiscéal le cuidiú leat díriú i gceart ar na scileanna teanga: léamh, scríobh, éisteacht, caint agus gramadach.
Déanann an leabhar seo nasc idir an tSraith Shóisearach Nua agus Córas na hArdteistiméireachta chun daltaí a ullmhú don athrú sin sa chúigiú bliain.

Clúdaíonn an leabhar seo na gnéithe de na Cineálacha Cuir Chuige Agus Modhanna Teagaisc atá leagtha amach don Idirbhliain ag an PDST.

ISBN: 9780714426914

€ 22.25 

In Stock.

Usually despatched in 2-5 working days.

Date of Publication: 05/07/2019

  
Cover of Taisceal - Transition Year - Emma Ní Nualláin & Oisín Mac Cinnéide - 9780714426914Paperback

Taisceal - Transition Year also appears in these Categories:

Irish

Irish