Contact Clock Question Basket Search User Store Facebook Mail Instagram Twitter

Caint is Comhra 3 - Textbook and Portfolio

Is é Caint is Comhrá 3 an chéad leabhar as péire i gCéim a Trí den chlár Gaeilge Caint is Comhrá. Tagann an clár seo go hiomlán le riachtanais Curaclam Nua Teanga na Bunscoile.

Cumadh na scéalta i ngach aonad go cúramach sa chaoi is go bhfaigheann na páistí taithí ar réimse leathan de na seánraí léitheoireachta. Tá na scéalta céimnithe, rud a éascaíonn dul chun cinn i rith na scoilbhliana.
Tá cúig aonad déag agus trí aonad súil siar i ngach Príomhthéacsleabhar.
Scríobhadh gach gné den chlár le cinntiú go bhfuil gach cuid den aonad comhlántach agus i gcomhthéacs.
Leagtar béim ar na heochairfhocail tríd an gclár ar fad.
Tacaíonn réimse iontach de ghníomhaíochtaí idirghníomhacha ar líne leis na pointí foghlama atá i ngach aonad, ar bhealach spraíúil, spreagúil.
I ngach aonad tá pointí múinteoireachta agus gníomhaíochtaí treoraithe, a dhéanann forbairt ar aithint focal, tuiscint, fónaic, forbairt teanga ó bhéal, gramadach, litriú agus na seánraí scríbhneoireachta.
Tá Portfóilió ag dul le Caint is Comhrá 3. Treisíonn an Portfóilió an tuiscint, an foclóir, an staidéar ar fhocail/fónaic, an ghramadach agus an litriú atá déanta sa Phríomhthéacsleabhar.

Clúdaíonn an Portfóilió na seánraí scríbhneoireachta uile. Is gné ar leith é sin.
Tá na seánraí scríbhneoireachta ar fad múnlaithe sa chaoi is gur féidir iad a úsáid ar an gclár bán idirghníomhach.
Taispeánann an Portfóilió taifead soiléir d’obair an pháiste i rith na bliana.
Tá leabhrán do Mheasúnú ar Phróifíl Aonair ar fáil freisin chun taifead a choinneáil ar dhul chun cinn an pháiste.
I nótaí an mhúinteora a théann le Caint is Comhrá 3 tá scéim chuimsitheach seachtain ar sheachtain, mí ar mhí, ina dtugtar cuntas ar na gnéithe ar fad atá mhthéacsleabhar agus sa Phortfóilió.”

ISBN: 9780714430430

€ 24.20 

Temporarily out of stock.

Currently not in stock but due shortly. Usually despatched in 3 to 10 working days.
If you order this along with other items, your entire order will be held and despatched when complete.

  
Cover of Caint is Comhra 3 - Textbook and Portfolio - 9780714430430Paperback

Caint is Comhra 3 - Textbook and Portfolio also appears in these Categories:

Irish

Irish